Dubh Black
image
Dubh (ar thitim Shrebenice, 11ú Iúil, 1995) Black (on the fall of Srebenica, 11th July, 1995)
Is lá dubh é seo,
Tá an spéir dubh.
Tá an fharraige dubh.
Tá na gáirdíní dubh.

Tá na crainn dubh.
Tá na cnoic dubh.
Tá na busanna dubh.
Tá na carranna a thugann na páistí ar scoil
ar maidin dubh.

Tá na siopaí dubh.
Tá a bhfuinneoga dubh.
Tá na sráideanna dubh (is ní le daoine é).

Tá na nuachtáin a dhíolann an cailín dubh
go bhfuil an folt láidir dubh uirthi
dubh dubh dubh.

Tá an damh dubh.
Tá na gadhair dubh.
Tá capall úd Uíbh Ráthaigh dubh.
Tá gach corr-éan a scinneann amach as an
ealta dubh.
An chaoire dhubh a sheasann amach de
ghnáth i lár an tréada
ní heisceacht í níos mó mar tá na caoirigh
ar fad dubh.

Tá na prátaí dubh.
Tá na turnapaí dubh.
Tá gach bileog cabáiste a chuirfeá síos i
dtóin corcáin dubh.

Tá na Caitlicigh dubh.
Tá na Protastúnaigh dubh.
Tá na Seirbigh is na Cróátaigh dubh.
Tá gach uile chine a shiúlann ar dhromchla
na cruinne
an mhaidin dhubh seo samhraidh dubh.
A black day this,
The sky is black.
The sea is black.
The gardens are black.

The trees are black
The hills are black.
The buses are black.
The cars bringing the kids to school
are black.

The shops are black.
Their windows are black.
The streets are black (and I don’t mean with people).

The newspapers sold by the dark girl with
the great head of dark hair
Are black, black, black.

The ox is black.
The hound is black.
The very horse from Iveragh is black.
The bird suddenly out of sync
with the flock is black.
The black sheep that stood out from
the ordinary run of sheep
no longer stands out,
For all the sheep are black.

The spuds are black.
The turnips are black.
Every last leaf of cabbage in the pot is black.
The saucepan is black.

The kettle is black.
The bottom of every pot from here to the crack of doom is black.
The Catholics are black.
The Protestants are black.
The Serbs and the Croatians are black.
Every tribe on the face of the earth
this blackest of black mornings black.

 

   

Nuala Ní Dhomhnaill
b.1952


Ealaíontóir/Artist:
Peannaire/Calligrapher:
Aistritheoir/Translator:
Ainmníodh ag/Nominator:
Frances Hegarty
Frances Breen
Paul Muldoon
The Author

 

[close window]

Jump to top