|
Stop sí gach duine ina bealach,
nuair a chonaic siad a haghaidh
ainglí,
ach a súile fós clúdaithe,
le brón agus imní
D’amharc sí mar bhí rud
ag cur isteach ar a haghaidh
álainn,
mar b’í an cailín
ba bhrónaí ar domhan.
An chéad uair eile a chonaic mé í,
chuir mé ceist uirthi,
Cén fáth a haghaidh chomh
dáthúil, ach,
clúdaithe le h-uaigneas agus
brón?
Agus díreach ansin,
thosaigh sí ag caoineadh,
is dúirt sí liom nach dtuigfinn,
dá mhairfinn a míle bliain.
Thosaigh sí ag rith,
Is scairt mé ina diaidh,
ach fós,
níor stop sí
gur imigh sí as radharc
|
|