| home |
ARTIST INDEX 3
![]() |
Tadhg McSweeney (Photo: Catherine Ketch) Rugadh Tadhg i 1936. Ealaíontóir féin-oilte é a bhaineann úsáid go mórmhór as ola agus meáin priontaí – ar nós liotagrafaíocht, eitseáil, scáthlán síoda, greanadóireacht adhmaid, priontáil nua-aoiseach – chomh maith le freascónna agus uiscedhathanna. Cé gur saothar fíortha a chruthaíonn sé, déanann sé iniúchadh ar limistéir theibí fós. Chaith sé tréimhsí ag obair agus ag taispeáint a shaothair sna Stáit Aontaithe, i Sasana, san Iodáil, sa Ghearmáin agus sa bhFrainc. Tá go leor portráidí agus roinnt freascónna cruthaithe aige. |
Tadhg McSweeney Tadhg McSweeney was born in 1936. A selftaught artist, he uses mainly oils and print media including lithography, etching, silk-screen, woodcuts, modern printing, in addition to fresco and watercolour. While his work is figurative, it also explores abstract dimensions. He has lived, worked and exhibited in the USA, England, Italy, Germany and France. |
![]() |
Brian Maguire I 1951 i mBaile Átha Cliath sea rugadh Brian Maguire. Le déanaí tá taispeántais aonair curtha ar siúl aige i nGailearaí Kerlin, i nGailearaí Bardasach Crawford, i nGailearaí Bardasach Hugh Lane, sa Contemporary Art Museum i Houston agus i nGailearaí Ormeau Baths. Sheas sé d’Éire ag an XXIV Bienal de São Paulo agus chomhlíon sé dualgaisí ealaíontóra cónaithe i roinnt mhaith priosún in Éirinn. Ollamh leis na Míndána é sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. |
Brian Maguire Brian Maguire was born in Dublin in 1951. Recent solo shows have taken place in the Kerlin Gallery, Crawford Municipal Gallery, Hugh Lane Municipal Gallery, Contemporary Art Museum in Houston and Ormeau Baths Gallery. The Irish representative at XXIV Bienal de São Paulo, he has completed Art Residencies in many Irish jails and is Professor of Fine Art at the National College of Art and Design. |
![]() |
Frances Hegarty (Photo: Charles Colquhoun) I dTeileann i gCo. Dhún na nGall a rugadh Frances Hegarty i 1946 agus cónaíonn sí anois i Sheffield. Is Ollamh le Míndána in Ollscoil Sheffield Hallam í. Cruthaíonn an t-ealaíontóir ilmhúinte seo ealaín suiteála tré úsáid a bhaint as ábhar fístéipe, fuaim, grianghrafadóireacht agus meáin digiteacha. Cuireann sí taispeántais ar siúl go hidirnáisiúnta i ngailearaithe agus i suímh ar leith - mór-thaispeántais suirbhéireachta cuid acu. Chuaigh sí i gcomhar leis an ealaíontóir Andrew Stones chun roinnt coimisiún phoiblí ar mhórchóir a chur i gcrích. |
Frances Hegarty Frances Hegarty was born in 1946 in Co. Donegal and currently is Professor of Fine Art at Sheffield Hallam University. This multidisciplinary artist creates installations using video, sound, photography and digital media, and exhibits internationally in gallery and site specific contexts. She has collaborated with artist Andrew Stones on large scale public art projects. |
![]() |
Geraldine O’Reilly Tá céim sa bpéintéireacht ag Geraldine O’Reilly ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus lean sí den staidéar ag Hunter College i Nua Eabhrac. Suim ar leith aici i gcruthú priontaí. Is mó taispeántas aonair a chuir sí ar siúl – in áiteanna ar nós Ollscoil na Tasmáine, Context Gallery, Ionad Ealaíne Belltable, Gailearaí Temple Bar agus Ionad Ealaíne an Project. Chaith seal mar bhall chónaithe sa Tasmáin agus sa Banff Center i gCeanada. |
Geraldine O’Reilly A graduate in painting from the National College of Art and Design, Geraldine O’Reilly also studied at Hunter College in New York City and has a particular interest in printing. She has had many solo shows at venues including the University of Tasmania, Context Gallery, Belltable Arts Centre, Temple Bar Gallery and the Project Arts Centre. She has completed residencies in Tasmania and the Banff Center in Canada. |
![]() |
Andrew Folan (Photo: Roisin Kennedy) Priontálaí, dealbhóir agus ealaíontóir digiteach is ea Andrew Folan a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheas sé ar son na tíre i dtaispeántais idirnáisiúnta éagsúla. Cuireadh priontaí dealbhacha óna thaispeántas aonair ‘Arterial Ink’ ar taispeáint i mBaile Átha Cliath, i Londain, i bPáras agus i Stocalm. Fé láthair tá sraith grianghrafanna atá sintéisithe go digiteach idir lámhaibh aige. |
Andrew Folan Andrew Folan is a printer, sculptor and digital artist living in Dublin. He has represented Ireland in a number of international exhibitions. Sculptural print works from his recent solo exhibition ‘Arterial Ink’ were exhibited in Dublin, London, Paris and Stockholm. He is currently producing a series of digitally synthesised photographs. |
![]() |
Iain Bellany CBE Rugadh e ann am Port Seaton, 1942. Buinidh e do theaghlach iasgairean. Aon dhe na peantairean Albannach as buadhaiche o àm a’ chogaidh. Tha a dhealbhan ann an cruinneachaidhean prìomh thaighean-tasgaidh agus gailearaidhean ealain air feadh an t-saoghail, nam measg Gailearaidhean Nàiseanta na h-Alba, Gailearaidh Tate, Taigh-tasgaidh nan Nua-Ealan, New York agus Taigh-tasgaidh a’ Mhatropolatain, New York. |
John Bellany CBE Born in Port Seaton in 1942, into a fishing family, he is one of the most influential Scottish painters since the war. His paintings are in the collections of major museums and art galleries throughout the world, including the National Galleries of Scotland, the Tate Gallery, the Museum of Modern Art, New York, and the Metropolitan Museum, New York. |
![]() |
Pauline Cummins (Photo: Breeda Mooney) Oibríonn Pauline Cummins trí mheán an léirithe, na fístéipe agus suiteáil ghrianghrafach. Tá a saothar macnasach ‘Inis t’Oírr’/‘Aran Dance’ (ar téip/sleamhnáin) mar chuid de bhailiúchán buan Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Taispeántais uaithi i gCeanada, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, san Ísiltír agus sa Danmhairg. Oide fístéipe í sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath. |
Pauline Cummins Pauline Cummins works in performance, video, and photographic installation. Her sensual slide/ tape piece ‘Inis t’Oírr’/‘Aran Dance’ is in the permanent collection of the Irish Museum of Modern Art in Dublin. She has exhibited in Canada, the USA, Germany, Holland, Denmark, and the Liverpool Tate, and is video tutor at the National College of Art and Design, Dublin. |
![]() |
Fionnuala Ní Chiosáin Is i mBaile Átha Cliath a rugadh Fionnuala Ní Chiosáin. Rinne sí staidéar ar na Míndána i St Martin’s School of Art i Londain mar ar chónaigh sí ar feadh roinnt blianta. Tar éis bliain di i San Francisco d’fhill sí go Baile Átha Cliath d’fhonn stiúideo a bhunú ann. Roinnt mhaith taispeántais aonair uaithi i mBaile Átha Cliath agus i Nua Eabhrac agus bhí sí páirteach i dtaispeántais oscailte thar lear chomh maith. Feidhmíonn Gailearaí Kerlin ar a son. |
Fionnuala Ni Chiosain was born in Dublin, and she studied fine art at St Martin’s School of Art in London. After living in San Francisco for a year she returned to Dublin. She has had several solo exhibitions in Dublin and New York and been in group shows internationally. She is represented by the Kerlin Gallery. |
![]() |
Dùbhghlas Cocker (Photo: John Hall) Rugadh e an Siorrachd Pheairt. Taisbeanaidhean Aon-neach: Gailearaidhean Ealain Obar Dheathain agus Pheairt; Gailearaidh Fruitmarket agus Talbot Rice, Dun Èideann; Artsite Bath; Air Gallery, Lunnainn. Taisbeanaidhean Bhuidhnean British Arts Show, Gailearaidh Serpentine; Ealain Albannach o 1900; Sculpture Symposium, Sarajevo; Transistors aig Taigh-tasgaidh Marioka Hashimoto, Iapan. Riochdaichte ann an cruinneachaidhean poblach Breatannach agus thar chuan. |
Doug Cocker Doug Cocker was born in Perthshire. His oneman shows include Aberdeen & Perth Art Galleries; Fruitmarket & Talbot Rice, Edinburgh; Artsite Bath, Air Gallery, London. Group shows include British Art Show, Serpentine Gallery, ‘Scottish Art since 1900’, Sculpture Symposium Sarajevo, ‘Transistors’ at Morioka Hashimoto Museum, Japan. |
![]() |
Aisling Ní Bheirn I mBéal Feirste atá Ní Bheirn lonnaithe agus oibríonn sí i Stiúideó Flaxart . Chuir sí a saothar ar taispeáint sa bhaile agus i gcéin. Ar na taispeántais aonair uaithi tá ‘Temporary Provisions’ ag Gailearaí Ormeau Baths (2001) agus ‘Bureau’, noctaithe i Halla an Chontae i nDún Laoghaire (1998). Fuair Ní Bheirn fós roinnt mhaith duaiseanna agus scoláireachtaí ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann. |
Aisling O’Beirn This Belfast-based artist works in Flaxart Studios. She has exhibited in Ireland and abroad. Recent one-person exhibitions include the installation ‘Temporary Provisions’ at Ormeau Baths Gallery and ‘Bureau’ shown in Dun Laoghaire. O’Beirn has also received several awards and bursaries from the Arts Council of Northern Ireland and the Irish Arts Council. |
![]() |
Ian Joyce (Photo: Olga Platilova) Ealaíontóir lán-aimseartha é Ian Joyce agus é ina stiúrthóir ar Chló Ceardlann na gCnoc Teoranta. Taispeánann sé a shaothar ealaíne go rialta thar lear – agus i Weimar na Gearmáine le cúpla bliain anuas. I 1994 chomhlíon sé coimisiún poiblí don amharclann i Leitir Ceanainn agus tá sé ag obair faoi láthair ar choimisiún don International Peace Centre in Inis Ceithleann. Tá sé pósta le Oona Hyland agus tá ceathrar clainne orthu. Cónaíonn siad ar Chnoc Bealtaine, amach ó Ghort a’ Choirce. |
Ian Joyce Ian Joyce is a full-time artist and director of Cló Ceardlann na gCnoc Teoranta. He travels extensively with his arts projects, often to Germany. In 1994 he completed the public commission for the theatre in Letterkenny and has been working on a commission for the International Peace Centre in Enniskillen. |
![]() |
Steve Dilworth (Photo: Beka Dilworth) Rugadh e an 1949 ann an Kingston-upon-Hull. Tha a dhachaigh agus an obair aige andiugh anns na Hearadh. Tha e riochdaichte le Gailearaidh Hart, Lunnainn. |
Steve Dilworth Born in Kingston-upon-Hull in 1949, he lives and works on the Isle of Harris. He is represented by Hart Gallery, London. |
![]() |
Mary Avril Gillan (Photo: John Gerrard) Tar éis a céad taispeántas aonair ‘Nostalgia for Industry’ ag Gailearaí Rubicon lean Mary Avril Gillan le roinnt mhaith taispeántas aonair - ina measc ‘Virtual Belonging’ ag Gailearaí Temple Bar agus an-chuid taispeántas oscailte sa bhaile agus i gcéin. Bronnadh Duais Dermot Larkin uirthi de bharr foirfeachta in oideachas ealaíne agus is céimí den Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus de Choláiste na Tríonóide í. Feidhmíonn Gailearaí Rubicon ar a son. |
Mary Avril Gillan Mary Avril Gillan’s first solo show ‘Nostalgia for Industry’ at the Rubicon Gallery has been followed by several solo shows including ‘Virtual Belonging’ at the Temple Bar Gallery and many group shows in Ireland and internationally. A recipient of the Dermot Larkin award for excellence in art education and a graduate of the National College of Art and Design and Trinity College Dublin, she is represented by the Rubicon Gallery Dublin. |
![]() |
Daphne Wright (Photo: Peter Sorg) In Éirinn a rugadh Daphne Wright i 1963 agus tá cónaí anois uirthi i mBristol. D’fhoghlaim sí a ceird i Sligeach, i mBaile Átha Cliath agus i Newcastle. Bhí an cheád taispeántas aonair uaithi ag an Cornerhouse agus lean sí leo i nGailearaí Spacex, Gailearaí Aspex, Gailearaí Frith Street agus i nGailearaí Ealaíne Shligigh. Le déanaí bhí saothar léi mar chuid de thaispeántas nua-ealaíne na hÉireann ag PS1 i Nua Eabhrac agus ag Gailearaí Albright Knox i mBuffalo. |
Daphne Wright Born in Ireland in 1963, Daphne Wright currently lives in Bristol. She trained in Sligo, Dublin and Newcastle. Her first solo show at the Cornerhouse was followed by several one-person exhibitions including a major show at the Douglas Hyde Gallery. Recently her work was in an exhibition of new Irish art in New York and in Buffalo. She has won the Henry Moore Fellowship and the Paul Hamlyn Foundation Award. |
![]() |
John Byrne (Photo: Malcolm Maclean) Rugadh e ann am Pàislig ann an 1940. Bha e ag obair mar ghille lice (preantas air dealbhachadh bhrat-ùrlair) mun deach e a Sgoil Ealain Ghlaschu (1958-64). ’S ann an 1968 a bha a’ chiad taisbeanadh aon-neach aige ann an Lunnainn, fon ainm Patrick. Tha e na ùghdar air seachd dealbhan-cluiche, nam measg an triamh, The Slab Boys, dhen deach film a dhèanamh an 1987. Tha a chuid obrach ann an cruinneachaidhean air feadh an tsaoghail agus tha e a’ fuireach air Ghaidhealtachd ann an Alba. |
John Byrne Born in Paisley in 1940, he worked as a colour mixer at A.F. Stoddard, the carpet manufacturer. He studied at Glasgow School of Art then worked as a graphic designer with STV, returning to A.F. Stoddard as a designer in 1966. He has written, designed and directed stage and screen presentations including The Slab Boys and Tutti Frutti. |
![]() |
Màiri Killin (Photo: Craig Mackay) Tha Màiri Killin a’ fuireach an I Chaluim Chille. Cheumnaich i à Sgoil Ealain Ghlaschu, agus tha buaidh aig arceòlas air a h-obair - ’s e sin arceòlas ann an àrainneachd agus na cuimhneachain aice fhèin. Chaidh an obair airson an Leabhair Mhòir a chruthachadh air chòmhnaidheachd an Siorrachd Dhùn nan Gall còmhla ris an snas-sgrìobhadair, Frances Breen. |
Mhairi Killin Mhairi Killin lives on Iona. A graduate of Glasgow School of Art, her work is influenced by archaeology; that which is contained within her environment and within the landscape of personal memory. The piece of work for Leabhar Mor was created during a residency in Co. Donegal with calligrapher Frances Breen. |
![]() |
Remco De Fouw (Photo: Rachel Joynt) I mBaile Átha Cliath i 1962 a rugadh é. Ar na taispeántais aonair uaidh tá ‘Reservoir’ ag an Project Arts Centre (1994), ‘Undercurrent’ ag Gailearaithe Temple Bar (1997) agus ‘Overflow’ ag an Model Arts Centre (1998). Coimisiúin phoiblí:‘Quintessometry’ ag Ospidéal Réigiúnach Phoirt Láirge, ‘Satillites’ ag Brú na Bóinne i nGráinseach Nua, ‘In Touch’ do Microsoft i mBaile Átha Cliath agus ‘First Conundrum’ ag an International Conference Centre i nDún Éideann. |
Remco De Fouw Born in 1962 in Dublin, his solo exhibitions include ‘Reservoir’ at the Project Arts Center (1994), ‘Undercurrent’ at Temple Bar Galleries (1997) and ‘Overflow’ at the Model Arts Center (1998). His public commissions include ‘Quintessometry’ at Waterford Regional Hospital, ‘In Touch’ for Microsoft in Dublin and ‘First Conundrum’ at Edinburgh International Conference Centre. |
![]() |
Conor McFeely (Photo: Pascale Steven) I nDoire Choilm Chille i 1958 is ea rugadh Conor McFeely agus idir 1977 agus 1980 lean sé leis na Míndána ag Kingston Polytechnic. Ealaín suiteála is mó a chruthaíonn sé. Taispeántais uaidh ar fud na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe agus thar lear. Orthu siúd le déanaí tá ‘Small Steps’ a bhí ar turas sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn (2000-2001) agus ‘The British Art Show 5’ a taispeánadh i nDún Éideann, i Southampton, i gCaerdydd agus i mBirmingham (2000-2001). |
Conor McFeely Conor McFeely was born in Derry in 1958 and studied Fine Art at Kingston Polytechnic. His work is mostly installation based. He has exhibited widely throughout Ireland, the UK and abroad. Recent exhibitions include ‘Small Steps’ that has toured the USA and Ireland and ‘The British Art Show 5’ that has been shown nationwide. |
![]() |
Oliver Comerford I mBaile Átha Cliath a rugadh Oliver Comerford i 1967 agus oileadh é sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus sa Chelsea College of Art and Design. Ghlac sé páirt in anchuid seónna thar lear agus chuir sé taispeántais aonair ar siúl i nGailearaithe Hallward, Rubicon agus ag an Living Art Museum i Reykjavik. Bhí sé páirteach i gCeardlann na nEalaíontóirí ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. |
Oliver Comerford Oliver Comerford was born in Dublin in 1967 and educated at the National College of Art and Design and Chelsea College of Art and Design. He has been included in many group shows internationally and has had one-person exhibitions in the Hallward Gallery, Rubicon Gallery and the Living Art Museum in Reykjavik. He was a resident in the Artists Work Programme at the Irish Museum of Modern Art. |
![]() |
Clare Langan (Photo: Arran Lundy [age 3]) Grianghrafadóir agus deantóir scannán í Clare Langan atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tar éis di céim a fháil i nDealbhóireacht na Míndána ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i 1989 chaith sí seal ag staidéar Scannánaíochta ag Ollscoil Nua Eabhrac i 1993. Luadh a hainm don Glen Dimplex Artists Award (2000) in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Seasfaidh sí ar son na hÉireann ag an Biennale de São Paulo 2002 agus beidh taispeántas uaithi ag Biennale Léarphoill 2002. |
Clare Langan Clare Langan is a Dublin-based photographer and film-maker. Having graduated in Fine Art sculpture at the National College of Art and Design in 1989, she studied film at New York University in 1993. She was short-listed for the Glen Dimplex Artists Award at the Irish Museum of Modern Art. She is representing Ireland in the São Paulo Biennale 2002 and is exhibiting in the Liverpool Biennale 2002. |
![]() |
Fiona R. Hutchison (Photo: Brian Fishbacker) ’S e neach-ealain a tha a’ dèanamh grèis-bhrat agus peantadh a th’ ann am Fiona Hutchison. Cheumnaich i à Colaiste Ealain Dhùn Èideann le urram sa phrìomh ìre agus le teisteas iar-cheumnachaidh. Bha i an dà chuid a’ toirt a h-obrach phearsanta fhèin gu buil agus ag obair air proiseact coimhearsnachd, barantais agus a’ gabhail pàirt ann an Co-chomhairlean Eadarnàiseanta. Tha i air grunnan dhuaisean a chosnadh agus tha a cuid obrach a’ nochdadh ann an cruinneachaidhean prìobhaideach agus poblach am Breatainn, an Aimeireagaidh is an Lithuania. |
Fiona R. Hutchison Fiona R Hutchison is an artist who works in tapestry and painting. Graduating from Edinburgh College of Art with a First Class Honours Degree and Postgraduate Diploma, she balanced producing her own work with working on a community project, commissions and contributing to international symposiums. She has won several awards and has work in private and public collections in the UK, USA and Lithuania. |
![]() |
Alfred Graf (Photo: Marlies Graf) Acadamh Grinneis Vienna (teisteanas ann am peantadh 1985); duaisean eadarmheasgte, tabhartasan agus air thaigheadas thall thairis; taisbeanaidhean aon-neach agus buidhne anns an Ostair, an Alba, Sasainn, san Eilbheis, san Eadailt, san Fhraing, ann an Israel, sa Ghrèig, san Ungair, ann am Poblachd Chech, sa Phòlainn, ann an Èirinn, am Malta agus ann an Aimeireagaidh. Proiseactan: ‘Fastentuecher für St Elisabeth’, Vienna; ‘Archipelago’, Alba (le T. J. Cooper); ‘Rhine’ (le T. J. Cooper); Reiseskizzen, An Eadailt. |
Alfred Graf He studied at the Academy of Fine Arts Vienna and won diverse prizes. He now lives in Vienna and has had solo and group exhibitions in Austria, Scotland, England, Germany, Switzerland, Italy, France, Israel, Greece, Hungary, Czech Republic, Poland, Ireland, Malta and USA. Projects include ‘Fastentucher für St Elisabeth’, Vienna; ‘Archipelago’, Scotland; ‘Rhine’; ‘Reiseskizzen’, Italy. |
![]() |
Alastair MacLennan (Photo: Roger Côte) I mBlàr Athoill in Albain is ea rugadh Alastair MacLennan agus bhain se céimeanna amach ó Choláiste Ealaíne Duncan of Jordanstone i nDùn Dèagh i 1965 agus ón School of the Art Institute of Chicago i 1968. Ollamh le Míndána in Ollscoil Uladh é. Léiríonn sé ‘ealaín ghníomhaithe’ - léirithe agus ealaín suiteála i suímh éagsúla seachas i ngailearaithe. I 1997 sheas sé ar son na hÉireann san Biennale i Veinéis na hIodáile (1997). |
Alastair MacLennan Born in Blair Atholl in Scotland, Alastair MacLennan graduated from the Duncan of Jordanstone College of Art in Dundee and from the School of the Art Institute of Chicago. He is Professor of Fine Art at the University of Ulster. He stages ‘actuations’ which are performances and installations in both gallery and ‘non gallery’ spaces. He represented Ireland in the 1997 Venice Biennale. |
![]() |
Seumas Moireasdan (Photo: Patterson copyright DC Thomson) Rugadh e ann an 1932. Bha e a’ teagaisg ann an Colaiste Ealain Dhonnchaidh Iòrdanstain, Dùn Dè, 1965-87 agus chaidh e na Cheannard Roinne ann an 1978. Tha taisbeanaidhean aon-neach air a bhith aige ann an Alba, Lunnainn, san Eadailt, sa Ghearmailt agus ann an Canada le mòran dhe chuid obrach ann an cruinneachaidhean prìobhaideach agus poblach ann am Breatainn agus thar chuan. Tha e air peantadh ann an àiteachan cho eadar-dhealaichte ri Afraga agus an t-Artaig. |
James Morrison Born in 1932, he taught at Duncan of Jordanstone College of Art and was made Head of Department in 1978. One man exhibitions include Scotland, London, Italy, Germany and Canada with many of his works in private and public collections both in the UK and overseas. He has painted in places as diverse as Africa and the High Arctic. |
![]() |
Eilidh NicAlasdair (Photo: Jane Reynolds) Rugadh i an Dùn Èideann an 1969. Cheumnaich i à Colaiste Ealain Dhonnchaidh Iòrdanstain, Dùn Dè an 1991. Dh’fhuirich i agus dh’obraich i airson mòran bhliadhnaichean san Fhraing agus san Eadailt, le taic bho iomadh sgoilearachd, duais, urras agus coimhearsnachd (a’ gabhail a-steach Aimeireagaidh). Taisbeanaidhean Aon-neach, Alba agus Eadar-nàiseanta: ‘La Langue de Bois ‘, ‘Stirrup-Cup’, ‘Chlorophyll Weddings’ agus ‘Bridal Drawings’. An-dràsta an Dun Èideann. Riochdaichte le Art First, Lunnainn agus New York. |
Helen MacAlister Born in Edinburgh in 1969, she graduated from Duncan of Jordanstone College of Art. She has lived and worked for many years in France and Italy, supported by various scholarships, awards, sponsors and residencies (including USA). Solo exhibitions, Scotland and international include ‘La Langue de Bois’, ‘Stirrup-Cup’, ‘Chlorophyll Weddings’ and ‘Bridal Drawings’. She is currently based in Edinburgh. Represented by Art First, London and New York. |
![]() |
Dòmhnall Mac a’ Ghobhainn (Photo: Angus Smith) Rugadh e an Leòdhas an 1926. Fhuair e fhoghlam tràth an Sgoil Steòrnabhaigh. Bha e san Arm airson trì bliadhna gu leth - Na h-Innseachan, Sri Lanka, Singapore. Bha e an Sgoil Ealain Ghray an Obar Dheathain. Thug e a bheatha a’ teagasg Ealain agus Dealbhaidh ann am baile Obar Dheathain agus anns na sgoiltean air tuath Leòdhais. Tha an ùidh a th’ air a bhith aige fad’ a bheatha anns na h-ealain lèirsinneach, ann an sgrìobhadh agus ceòl air a riochdachadh ann an dealbhachd/peantadh sluagh agus tìr Eilein Leòdhais. |
Donald Smith Born a Lewisman 1926, he was educated at Nicolson Institute, Stornoway, graduating from Grays School of Art, Aberdeen. He taught art and design in schools in Aberdeen and rural schools in Lewis and had a life-long interest in the visual arts, literature and music, expressed in drawing and painting the people and landscape of the Isle of Lewis. |
![]() |
Ceit Whiteford OBE (Photo: Mairi S MacLeod) Rugadh Ceit Whiteford ann an Glaschu ann an 1952. Prìomh phroiseactan talmhainn air dealbhadh airson Calton Hill, Dun Èideann (1987), Venice Biennale (1990), Àrd Choimisean Breatannach, Nairobi (1994). Am measg nan dealbhan talmhainn o chionn ghoirid tha na hobraichean aig Taigh Harewood, Leeds (2000) agus Mount Stewart, Eilean Bhòid (2001). Ann an 1997 fhuair i barantas bho Thaigh-tasgaidh na h-Alba an Dun Èideann airson grèis-bhrat brìgheil air Coire Bhreacain. |
Kate Whiteford OBE Born in 1952 in Glasgow, her major land projects include sculpture for Calton Hill, Edinburgh, the Venice Biennale and the British High Commission, Nairobi. Recent land drawings include works at Harewood House, Leeds and Mount Stuart, Isle of Bute. In 1997 her monumental Corryvreckan Tapestry was commissioned for the Museum of Scotland, Edinburgh. |
![]() |
Robert Ballagh (Photo: Derek Speirs/Report, Ireland) Ealaíontóir agus dearthóir é Robert Ballagh a bhfuil a shaothair ealaíne ar taispeáint i mbailiúcháin in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá dearaí uaidh le feiscint ar stampaí poist in Éirinn agus ar nótaí bainc do Bhanc Ceannais na hÉireann. Chruthaigh sé dearaí stáitse le haghaidh Salome le Wilde, Endgame le Beckett agus Riverdance. Ball de Aosdána agus é ina chomhalta den World Academy of Art and Science. |
Robert Ballagh Artist and designer Robert Ballagh’s art works are represented in both Irish and international art collections. His designs have been used for Irish postage stamps and on banknotes for the Central Bank of Ireland. He has also created stage designs for Oscar Wilde’s Salome, Samuel Beckett’s Endgame and Riverdance. He is a member of Aosdána. |
![]() |
Iain Brady (Photo: Jennifer Brady) Thogadh mi air tuath, deas air Obar Dheathain agus dh’ionnsaich mi mu pheantadh ann an Sgoil Ealain Ghray. Às dèidh dhomh crìochnachadh sa cholaiste bha mi air a mo tharraing gu cumadh-tìre nan Innse Gall far a bheil mi air mo dhachaigh a dhèanamh anns na seachd bliadhna deug mu dheireadh. Seo far an d’ fhuair mi mo chasan anns na h-ealain agus cuideachd far an do choinnich mi ri mo bhean. Tha mo thìde a-nis air a roinn eadar a bhith a’ teagaisg pàirt-ùine agus a bhith ri ealain lànthìde. Tha mòran thaisbeanaidhean air a bhith agam - aon-neach agus mar phàirt de bhuidhinn. |
Ian Brady ‘Brought up on a farm just south of Aberdeen I studied painting at Grays School of Art. After college I was drawn to the dramatic landscapes of the Outer Hebrides where I have lived for 17 years. I now split my time between being a parttime teacher and a full-time artist. I have exhibited widely with solo and group exhibitions.’ |
![]() |
Daibhidh Faithfull (Photo: Graham Clark) Nuair a bhios e a’ cruthachadh leabhraichean luchd-ealain, ioma-sheòrsaichean no barantais, bidh e a’ feuchainn ri modh bunaiteach agus rannsachail a ghleidheadh, a’ cleachdadh chùrsan seann nòs agus ùr nodha. Tha proiseactan air sgrùdadh phalandroman fradharcach, tìr agus airgead, air miotasachd, làin, ailceamachd agus airgead sgaoilte, a ghabhail a-steach. O chionn ghoirid tha proiseactan air a bhith aige mar ‘Sum of Parts’ agus ‘Glasgow’s Art Fair’ an lùib Gailearaidh Fruitmarket Dhùn Èideann, taisbeanaidhean aon-neach ann a Verona agus Lake Garda san Eadailt agus samhlaidhean o ‘Là Fosglaidh Pàrlamaid na h-Alba’. |
David Faithfull Creating artist’s books, he maintains a holistic and explorative approach, with both traditional and contemporary processes. Recent projects include ‘Sum of Parts’ and ‘Glasgow’s Art Fair’ with Edinburgh’s Fruitmarket Gallery, solo exhibitions in Italy and the ‘Scottish Parliament’s Opening Day’ icons. |
![]() |
Sigrid Shone Buntanas làidir ri Gaidhealtachd na h-Alba. Bannan làidir teaghlaich agus eachdraidh a’ toirt ceangal ri Srath Nabhair, Cataibh agus cultar na Gàidhlig. Cheumnaich i à Sgoil Dhealbhaidh agus Peantaidh Colaiste Ealain Dhùn Èideann, 1984. Na neach-ealain/clòbhualadair aig Clò-bhualadairean Dhùn Èideann bho 1994. Taisbeanaidhean air feadh Bhreatainn agus gu h-eadar-nàiseanta agus tha obair aice ann an cruinneachaidhean ealain air feadh an tsaoghail. |
Sigrid Shone She originated from the Highlands and has strong family links with Strathnaver, Sutherland and Gaelic culture. She graduated in drawing and painting from Edinburgh College of Art, and has practised at Edinburgh Printmakers since 1994. Shone has exhibited widely in UK and internationally and has work in collections throughout the world. |
Alanna O’Kelly Tá Alanna O’Kelly lonnaithe i gCo. Loch Garman agus oibríonn sí trí mheán na fístéipe agus na fuaime, chomh maith le healaín suiteála agus léirithe a chur ar bun. Bhain céim amach ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Dhein staidéar fós i Helsinki agus ag an Slade School. Sheas sí d’Éirinn ag Biennale Internacional de São Paulo agus ghlac páirt i Documenta 8. Chaith seal ag obair san Iodáil, sa Ghearmáin, san Fhionnlainn agus sa Nigéir. Ball d’Aosdána í. |
Alanna O’Kelly Alanna O’Kelly is based in Co. Wexford and works with video, sound, installation and performance. She graduated from the National College of Art and Design and also studied in Helsinki, and at the Slade School. She has represented Ireland at the São Paulo Biennale and participated in Documenta 8. She has worked in Italy, Germany, Finland and Nigeria and is a member of Aosdána. |