Liadhain Liadhain
image
Liadhain Liadhain
Liadhain …
Bhí fios agam di.
Mé Cuirithir.
Le Dia a leath dhíom
le Liadhain an leath eile.

An leath dhíom ar le Dia í
is seasc, marbh

An leath dhíom ar le Liadhain í
is bruithneach

I ndoire sea luíomar le chéile.
Ba gheall le cnó á oscailt é
is á chur im béal
ag crobh cailce dofheicthe

Siolla níor labhair sí
ach nuair a dhún sí a súile
ba léir di an sú
ag éirí sna crainn
Gur chuala sásamh ársa na gcraobh

Nuair a théann sí i bhfolach orm
chím gach áit í

Leanaim scáth an fhia
is an tseabhaic
Líontar an doire lena héagmais

Nuair a dhúisíonn sí ar maidin
féachaim go domhain sna súile aici

Is tobar í
ina bhfeicim mé féin

Ólaim asam féin
Liadhain …
Knowledge flowed between us.
I am Cuirithir.
God goes halves in me
with Liadhain.

God’s share
is sterile, lifeless,

Liadhain’s
boils me alive.

We lay together among oaks.
It was like a nut being shelled
and placed in my mouth
by a creamy, invisible hand.

She said nothing at all
but when she closed her eyes
she could see the sap
rising in trees,
hear the old fulfilment of branches.

When she hides from me
I see her everywhere.

I follow the deer’s shadow
And the hawk’s.
Her absence flits among the oaks.

When she wakes in the morning
I look deep into her eyes.

She is a well
that reflects me.

I drink of myself.

 

   

Gabriel Rosenstock
b.1949


Ealaíontóir/Artist:
Peannaire/Calligrapher:
Aistritheoir/Translator:
Ainmníodh ag/Nominator:
William Brotherston
Donald Murray
Paddy Bushe
The Author

 

[close window]

Jump to top