an t-oileán glé úd gurb é tusa é
tá sé fairsing sléibhtiúil
ceilteach agus oscailte
is nuair a bhogann néalta
trasna na spéire os do chionn
léirítear ailteanna is machairí
seangacht agus méithe in éineacht
agus scáth ar scáth ag leanúint a chéile
timpeall ar do cholainn bhán go léir
tráth gur shínis amach
ar an dtocht lomnocht
sa tseomra dorcha
os cionn na mara
bhí caille ar d’éadan
a d’fholaigh do cheannaithe
do shúile fiú
nuair ba léir iad faoin bhfial
bhí mar a bheadh scim orthu
do bheanna mórtasacha
ag éirí is ag ísliú
gile fhíochmhar do chnis
ina hoileán i lár an dorchadais
shnámhas go dtí tú
m’fheargacht go léir ar crith
le tnúth agus le heagla
do lámha anall tharam is mé ag dul isteach ort |
you are a bright island
hilly and wide
reserved and open
as clouds drift over you
across the sky
plains and ravines are revealed
swelling and slender together
as shadow follows shadow
around about your white body
when you stretched
naked on the bed
in the dark chamber
above the sea
the veil on your face
concealing your features
even your eyes
when seen
seemed hazed
your proud peaks
rising and falling
the fierce splendour of your skin
an island in the midst of dark
toward you I swam
my manliness trembling
with longing and fear
your arms around me as I reached your land |