Ard a’ Chuain If Only I Were in Articoan
image
Ard a’ Chuain If Only I Were in Articoan

’Á mbeinn phéin in Ard a’ Chuain
In aice an tsléibhe úd atá i bhfad bhuam,
A Rí! gurbh aighearach mo chuairt
Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh.

(Loinneog) Agus och, och éirí ’lig is ó
Éirí lionndubh is ó
’Sé mo chroí atá trom is é leonta.

Is ioma’ Nollaig a bhí agam péin
I mBun Abhann Doinne is mé gan chéill,
Ag iomáin ar an tráigh bhán,
Mo chamán bán in mo dhorn liom.

(Loinneog)

Nach tuirseach mise anseo liom péin,
Nach n-airím guth coiligh, londuibh nó traon’,
Gealbhan, smólach, naoscach phéin,
Is chan aithním péin an Domhnach.

(Loinneog)

Is ioma’ amharc a bhí agam péin
Ó Shrón Ghearráin go dtí an Mhaoil
Ar loingeas mór ag cáith ar ghaoith,
Agus cabhlach an Rí Seorlaí.

(Loinneog)

’Á mbeinn phéin i mBun Abhann Doinne,
Far a bhfuil mo chairdean uile,
Gheobhainn ceol ann, ól is imirt,
Is chan fhaighinn bás in uaigneas.

(Loinneog)

Mo sheacht mallacht ar an tsaol,
Is caraí é go mór ná an t-éag;
Mheall sé mé ó mo mhuintir phéin,
Mar mheallfaí an t-uan bhón chaora.

(Loinneog)

’Á mbeadh agam péin ach coit’ is rámh,
Ná go n-iomairinn ar dhroim an tsnáimh,
Ag dúil as Dia go ruiginn slán
Is go bhfaighinn bás in Éirinn.

(Loinneog)

If only I were in Articoan,
Near that mountain that is far away,
O King! my visit would be light-hearted
To the Cuckoos’ Glen on Sunday.

Agus och, och éirí ’lig is ó
Éirí lionndubh is ó
My heart is heavy and wounded.

Many’s a Christmas I would be,
In Cushendun when [young and] foolish,
Hurling on the white strand,
My white hurl in my hand.

Agus och, etc.

Am I not miserable here by myself,
Not hearing the voice of cock, blackbird or corncrake,
Sparrow, thrush, or even the snipe,
And I do not even recognise Sundays.

Agus och, etc.

Many’s the sight that I saw
From Garron Point to the Moyle,
A great fleet driven by the wind;
And King Charlie’s armada.

Agus och, etc.

If I were in Cushendun,
Where all my friends are,
I would find music there, drink and games,
And I would not die alone.

Agus och, etc.

My seven curses on the world,
It is more treacherous than death;
It lured me from my own people,
As the lamb would be lured from the sheep.

Agus och, etc.

If only I had a skiff and oar,
I would row upon the flood-tide,
Hoping to God to arrive safely,
So that I will be in Ireland when I die.

Agus och, etc.

 

    eoin mac ambróis/ John McCambridge
c.1793-1873

Ealaíontóir/Artist:
Peannaire/Calligrapher:
Aistritheoir/Translator:
Ainmníodh ag/Nominator:
Brian Connolly
Tim O’Neill
Aodán Mac Póilín
The Editorial Panel

 

[close window]

Jump to top